Stair

Ón Tréimhse Sheoirseach go dtí an Lá Inniu

An tOchtú hAois Déag agus Ré Chesterfield

Ceapadh an Ceathrú hIarla Chesterfield mar Fhear Ionaid an Rí in Éirinn i mí Eanáir 1745. Creidtear gurbh eisean a chuir tús le roinnt mhaith den obair ar thírdhreach na páirce; cuid mhaith de nár críochnaíodh go dtí go raibh sé féin fillte ar Londain breis is bliain níos déanaí. I measc a chuid smaointe siúd bhí athphlandáil mhór a rinneadh thart timpeall na páirce, plandáil crann ar an dá thaobh den phríomhascaill agus tógáil Cholún an Fhéinics in 1747. Creidtear gurbh eisean a chuir fáilte roimh an bpobal sa pháirc den chéad uair freisin.

Na príomhthréithe bainistíochta agus infreastruchtúir i bPáirc an Fhionnuisce san 18ú haois, tá a rian le feiceáil san úsáid mhór a bhaineadh an t-arm as an bpáirc agus sna lóistí a bhíodh in úsáid ag oifigigh rialtais agus oifigigh eile a raibh baint acu le bainistiú na Páirce. Cé is moite den úsáid a bhaineadh an t-arm as an bpáirc ar mhaithe le traenáil agus cleachtadh inlíochtaí, bhíodh roinnt institiúidí airm ann chomh maith. Tógadh an Scoil Mhíleata Ibeirneach Ríoga (1766) do pháistí a ndearnadh dílleachtaí díobh, nó a raibh a n-athair i mbun seirbhís mhíleata thar lear. Dún na hArmlainne a tógadh in 1736 agus ar cuireadh leis in 1756, ba institiúid thábhachtach mhíleata é sin as ar seachadadh airm bheaga, muinisean agus púdar gunna go dtí beairicí míleata eile i mBaile Átha Cliath. Dhá fhoirgneamh eile a tógadh le linn an 18ú haois ná Beairic Mharcra Mhuinseo (1725) (iar-áit chónaithe Luke Gardiner, duine de Lucht Coimeádta na Páirce), agus an Otharlann Mhíleata Ríoga (1786). Cuireadh deireadh leis an ról a bhíodh ag an mBataire Cúirtéise (canóin a scaoileadh ar theacht duine ríoga nó ar ócáidí speisialta eile). Sa cheantar timpeall ar an áit a bhfuil Leacht Wellington anois a bhíodh sé sin ar siúl. Nuair a cuireadh deireadh leis an gcleachtas thugtaí Páirceanna Wellington ar an talamh sin agus tógadh Leacht Wellington ann ar ball.

Na lóistí tábhachtacha ar fad sa Pháirc, mar aon leis na diméinte a ghabhadh leo, bhíodh cónaí ar Choimeádaithe agus ar Mhaoir na Páirce iontu ar dtús. Cheannaigh an rialtas iad ar ball mar thithe cónaithe do phríomhoifigigh an stáit. San áireamh leo sin bhí Lóiste Fhear Ionaid an Rí (Áras an Uachtaráin anois), Teach an Phríomh-Rúnaí (teach Ambasadóir SAM in Éirinn anois) agus Teach an Fho-Rúnaí (Nuinteasacht an Phápa ar ball, agus Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce anois).

 

An Naoú hAois Déag agus Tréimhse Decimus Burton

Ag tús an naoú haois déag bhí droch-chaoi ar an bPáirc. Bhí an draenáil go dona, bhí drochbhail ar na bóithre agus bhí formhór na gcrann an-sean nó ag lobhadh. Nuair a ghlac Coimisinéirí na gCoillte agus na bhForaoisí seilbh ar bhainistiú na n-áiteanna poiblí sa Pháirc d’fhostaigh siad an t-ailtire/ailtire tírdhreacha mór le rá, Decimus Burton, agus thosaigh feabhas ag teacht ar chúrsaí. Chuir seisean máistirphlean don Pháirc le chéile. Theastaigh uaidh lóistí nua a thógáil ag na geataí, seansceacha agus butaí lámhaigh a leagan agus a bhaint, crainn nua a chur in áiteanna straitéiseacha, feabhas a chur ar an draenáil, an balla teorann a athchóiriú, cuid de bhóithre na Páirce a atreorú agus roinnt bóithre eile a thógáil (Ascaill Chesterfield san áireamh). Chun an obair sin ar na bóithre a dhéanamh ba ghá Colún an Fhéinics ar an bpríomhascaill a bhogadh. Le linn ré Burton sa Pháirc rinneadh níos mó athruithe ar thírdhreach na Páirce ná mar a rinneadh in aon tréimhse eile ó chruthaigh Diúc Urumhan an Pháirc an chéad lá riamh.

Rinneadh tuilleadh athchóirithe nuair a leagadh cúram bainistíochta na páirce ar Oifig na nOibreacha Poiblí in 1860. Bhí an obair a chríochnú ar Leacht Wellington ar cheann de na chéad tascanna a chuir siadsan rompu. Obair é sin ar cuireadh tús leis in 1818. Cuireadh in airde dhá shéadchomhartha ealaíonta eile sa tréimhse seo: ceann amháin acu in 1870 i gcuimhne ar thréimhse Iarla Carlisle mar Fhear Ionaid an Rí, agus dealbh eachaíochta i gcuimhne an Mharascail Mhachaire Viscount Gough, a nochtadh in 1880. Ba é John Henry Foley a rinne an dealbhóireacht ar an dá shéadchomhartha sin.

Ó na 1830idí, agus go háirithe ó na 1860idí, ar aghaidh cuireadh béim mhór ar chúrsaí spóirt agus fóillíochta sa pháirc. D’oscail Cumann Ríoga Zó-eolaíochta na hÉireann Zú Bhaile Átha Cliath in 1830. Osclaíodh an Phromanáid in 1840 (Gairdín an Phobail níos déanaí) agus feabhsaíodh go mór é sna 1860idí nuair a cuireadh Teach an Phríomhgharraíodóra agus creig-ghairdín leis. Chomh maith leis sin cuireadh áiseanna gairneoireachta ar fáil chun bláthanna a fhás le plandáil sa Ghairdín. Idir Gairdín an Phobail agus Zú Bhaile Átha Cliath tógadh ardán banna ceoil agus seomraí tae sna deich mbliana ag druidim le deireadh an naoú haois déag.

Cé gur cúrsaí míleata ba mhó a bhí sa treis in úsáid na Páirce agus institiúidí na Páirce san 18ú haois, laghdaíodh an tionchar sin go mór sa 19ú haois (cé gur iompaíodh Beairic Mhuinseo ina cheannáras don tSuirbhéireacht Ordanáis in 1825). Tháinig méadú ar ról na bpóilíní sa Pháirc. In 1842 tógadh iosta Chonstáblacht Ríoga na hÉireann in aice le geata an Chuarbhóthair Thuaidh agus tógadh dhá bheairic eile de chuid na bpóilíní chomh maith – ceann amháin ag geata Bhaile an Ásaigh agus ceann eile ag Sráid Gheata na Páirce. In 1848 tógadh scoil agus áras cónaithe múinteora chun freastal ar riachtanais oideachais pháistí na Páirce agus chun dualgais shóisialta Choimisinéirí na gCoillte agus na bhForaoisí a shásamh. Decimus Burton a dhear an scoil agus an t-áras cónaithe.

An Fichiú hAois

Bhí stoirm mhór ann in 1903 a rinne scrios ar nach mór 3,000 crann i bPáirc an Fhionnuisce. Ó thaobh na bainistíochta tírdhreacha de, ba é an gníomh ba suntasaí a rinneadh sa Pháirc san fhichiú haois ná athchur na gcrann agus na dtor ina dhiaidh sin. Rinneadh é sin sa chéad deich mbliana den chéad, tar éis na stoirme móire. Cuireadh 10,000 crann eile ann mar chuid de phlean bainistíochta na bliana 1986. Rinneadh roinnt mhaith obair chrannadóireachta ar na crainn aibí sa pháirc sa cheathrú dheireanach den chéad. I measc na dtionscadal tábhachtach eile a cuireadh i gcrích i dtreo dheireadh an fhichiú haois bhí tógáil Chros an Phápa in 1979, athlonnú Cholún an Fhéinics, atógáil na bpiléar ag na geataí agus atógáil na mballaí eatarthu ag Sráid Gheata na Páirce.

Tharla neart mórócáidí náisiúnta agus idirnáisiúnta i bPáirc an Fhionnuisce le linn an fhichiú haois chomh maith. Leis an spioradáltacht, an cultúr, an spórt agus an carthanas a bhain na hócáidí sin. Rásaíocht charranna in 1903 agus ansin arís in 1929 a bhí i dtús cadhnaíochta. Sa bhliain chéanna a tharla comóradh céad bliain ar Fhuascailt na gCaitliceach ann. In 1932 tharla an 31ú Comhdháil Eocairisteach sa Pháirc. Nuair a tháinig an Pápa Eoin Pól II ar cuairt in 1979 bhí breis is milliún duine i láthair ag an gceiliúradh. Reáchtáladh an ócáid sin ar an dul céanna leis an gComhdháil Eocairisteach. I measc na mórócáidí eile bhí cuid Bob Geldoff de “Live Aid” na bliana 1986 agus an chríoch leis an gcéad staid den Tour de France a bhí ar siúl den chéad uair in Éirinn in 1997. Le linn an fhichiú haois úsáideadh an Pháirc le haghaidh raon leathan de ghníomhaíochtaí laethúla spóirt agus fóillíochta.