Taighde

Léirmhíniú ar an bPáirc

Tá feidhm lárnach ag taighde acadúil má táthar chun tuiscint cheart a fháil ar an bPáirc. Is ar an tuiscint sin atá polasaithe na Páirce bunaithe, rud atá riachtanach chun í a bhainistiú mar is cóir.

Is gá go mbeadh gach taighde ag teacht le prionsabail na hinbhuanaitheachta. Tá taighde nach beag déanta ar Pháirc an Fhionnuisce ag institiúid acadúla agus saineolaithe i gcaitheamh na mblianta agus tá sé den ríthábhacht go leanfaí leis an saothar seo.

Tá réimse leathan d’fhoilseacháin a bhaineann le Páirc an Fhionnuisce atá ar fáil le híoslódáil anseo, nó is féidir iad a cheannach san Ionad Cuairteoirí sa Pháirc féin. Tá bróisiúir, leabhair agus páipéir thaighde i measc na bhfoilseachán seo. Is cinnte go bhfuil a lán eolais ar an bPáirc agus ar láithreacha oidhreachta eile atá luaite leis an bPáirc, Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin agus Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin an Chogaidh mar shampla, le fáil sna Pleananna um Bainistiú Caomhnaithe ábhartha.

Tá na treoirleabhair, suirbhéireachtaí, tuarascálacha agus pleananna a leanas ar fáil le híoslódáil saor in aisce ag na naisc thíos:

 

I measc na leabhar atá ar fáil le ceannach ó Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce:

 

Wild Plants of the Phoenix Park (OPW Publication 1993; Brunswick Press)

John A. McCullen, An Illustrated History of the Phoenix Park Landscape and Management to 1880 (OPW Publication 2009; Celtic Press)

Phoenix Park 350th Anniversary Exhibition Catalogue (OPW Publication)

Parks Our Shared Heritage: Exhibition Catalogue

Bob Montgomery, RJ Mecredy: The Father of Irish Motoring (Dreoilin 2003)

Brendan Nolan, Phoenix Park: a History and Guidebook

Gold pen presented by Queen Victoria to W.S. Wilkie, bailiff of the Phoenix Park, 1861