Cén Áit le hIthe

Tá Sé i gCónaí in Am Tae!

Na Seomraí Tae Victeoiriacha

Tá cáil dhomhanda ar na Seomraí Tae Victeoiriacha seo, atá lonnaithe in aice le hAscaill álainn Chesterfield agus atá ag mealladh cuairteoirí ó dheireadh an naoú haois déag i leith. Tógadh an foirgneamh ar dtús mar bhoth uachtar reoite do chuairteoirí go dtí an Pháirc agus an Zú in aice láimhe, ach tá réimse leathan de bhéilí úra blasta le fáil sna Seomraí Tae sa lá inniu.

Tá idir shainchaife agus saintae orgánach ar an mbiachlár, chomh maith le cístí agus milseoga saor ó ghlútan agus saor ó tháirgí déiríochta a bhácáiltear ar an láthair gach lá. Chífidh an súil ghéar sólaistí veigeánacha agus saor ó shiúcra anseo freisin. Mar aon leo sin tá bia te breá blasta le fáil sna Seomraí Tae, panini, sailéid orgánacha, anraithí agus prátaí bácáilte san áireamh. Is féidir iad a ithe al fresco nó taobh istigh den fhoirgneamh gleoite seanré seo.

Tógadh an sainfhoirgneamh álainn seo in 1896 ar mhórshuim (ag an am!) trí chéad agus a daichead punt. Tá aird an iliomad ealaíontóirí agus scannánóirí tarraingthe aige i gcaitheamh na mblianta. Tá láthair suí ar fáil taobh amuigh do laethanta breátha fada an tsamhraidh.

Tá na Seomraí Tae Victeoiriacha ar oscailt ó 9.30am ó cheann ceann na bliana. Ó Aibreán go Deireadh Fómhair, dúnann siad ag 5.30pm agus ó mhí na Samhna go mí an Mhárta dúnann siad ag 4.30pm. Glaoigh ar na Seomraí Tae ag 01 671 9376.

Friends having coffee at The Phoenix Park Tea Rooms, Dublin. Ireland's Content Pool.

An Phoenix Café

Tá an Phoenix Café lonnaithe ar na tailte thart ar Ionad na gCuairteoirí, in aice leis an nGarraí Imfhálaithe agus Caisleán Bhaile an Ásaigh. Tá rogha leathan le fáil sa chaifé de shailéid fholláine bhríomhara, quiche-anna agus béilí speisialta úrbhácáilte, mar aon leis na scónaí iomráiteacha a bhácáiltear gach maidin agus a thugtar amach le subh bhaile. Tá an cháil ar na scónaí seo go gcuireann daoine in áirithe ar an bhfón roimh ré iad mar go ndíoltar amach chomh tiubh te sin iad! Tá raidhse cístí agus sliseanna blasta baile bácáilte gach lá agus tá an chaife orgánach agus róstáilte i gCo. Chill Mhantáin. Tá rogha earraí saor ó ghlútan, veigeatóracha agus veigeánacha ar fáil freisin.

Tá duais an Caifé is Fearr in Éirinn, mar a roghnaigh léitheoirí an Irish Times, buaite le déanaí ag an gcaifé seo, chomh maith le duais Best in Ireland mhuintir McKenna, agus Duaiseanna Georgina Campbell.

Tá an caifé suite i gceartlár Dhiméin Bhaile an Ásaigh le crainn álainn ar gach taobh agus clós mór oscailte taobh amuigh chun béilí a chaitheamh al fresco. Tá fuílleach spáis chun do charr a pháirceáil, clós súgartha iontach do leanaí agus gan dabht an garraí imfhálaithe a sholáthraíonn go leor de na glasraí, luibheanna agus torthaí don chaifé go léir in aice láimhe.
Tá an Phoenix Café ar oscailt ó 9.30am ó cheann ceann na bliana. Ó Mhárta go Meán Fómhair (uaireanta samhraidh), dúnann an caifé ag 5pm i lár na seachtaine, agus 5.30pm ar an deireadh seachtaine. Ó Dheireadh Fómhair go Feabhra (uaireanta geimhridh), dúnann an caifé ag 4pm i lár na seachtaine agus 5pm ar an deireadh seachtaine.

Coinnigh súil ar an Phoenix Café, agus bí i dteagmháil leo, ar an suíomh idirlín acu.

Na Seomraí Tae Victeoiriacha

An Phoenix Café