Rialacháin na Páirce

Scrollaigh chun Rialacháin agus Reachtaíocht Maidir leis an bPáirc a Léamh

Acht Pháirc an Fhionn-uisce (1925)

Tá Acht Pháirc an Fhionnuisce le léamh ina iomláine sa Leabhar Reachtúil ar líne. Brúigh an nasc seo le teacht ar gach ceann den dá alt déag ann.

Fodhlíthe achoimre Pháirc an Fhionnuisce

  • Níor chóir d’aon duine tine a lasadh sa Pháirc;
  • Níor chóir d’aon duine bruscar a chaitheamh uathu sa Pháirc;
  • Níor chóir d’aon duine dul ar muin capaill in aon áit a bhfuil cosc ar mharcaíocht capall;
  • Níor chóir d’aon duine aon phóstaer, fógrán ná billeog eile ar mhaithe le stocaireacht nó fógraíocht a thaispeáint;
  • Níor chóir aon fheithicil a thiomáint ná a pháirceáil ar fhód ná féar na Páirce;
  • Níor chóir d’aon duine aon tráchtearra d’aon saghas a dhíol, a thairiscint ná a thaispeáint le díol sa Pháirc;
  • Ní mór do thiománaithe cloí leis an teorainn luais de 50 kmsu;
  • Níor chóir d’aon duine iascaireacht a dhéanamh in aon linn sa Pháirc;
  • Níor chóir d’aon duine aon fhoirgneamh, claí, ráille ná aon struchtúr eile sa Pháirc a mhilleadh ná a chur ó dhealramh;
  • Níor chóir d’aon duine aon ghníomh a dhéanamh nach bhfuil ag teacht leis an moráltacht phoiblí;
  • Níor chóir d’aon duine baint le flóra ná fána laistigh den Pháirc;
  • Níor chóir d’aon duine ciapadh ná cur isteach eile a dhéanamh ar aon duine eile a bhfuil úsáid dhleathach á baint acu as an bPáirc;
  • Ní mór d’aon duine a thugann madra go dtí an Pháirc leo smacht a bheith acu ar an madra sin;
  • Ba chóir don phobal cloí le haon treoir dhleathach a thugann Maor Páirce dóibh;
  • Níl Oifig na nOibreacha Poibli freagrach as maoin phearsanta a chailltear nó a ghoidtear.
Cold Afternoon Sun. Main road looking towards Khyber Rd. Dec 2005 - Colm Murphy.