Ceadúnais agus Ceadanna

Scrollaigh le hAghaidh Eolas Maidir le hImeacht a Eagrú sa Pháirc

Aithnítear Páirc an Fhionnuisce, an Pháirc uirbeach is mó i mBaile Átha Cliath, mar scamhóg ghlas don chathair agus leagan taighde nua béim ar leith ar na buntáistí móra do shláinte agus d’fholláine an phobail a eascraíonn ón iliomad deiseanna a chuireann áit ar nós Pháirc an Fhionnuisce ar fáil.

Eagraítear os cionn 2,000 imeacht spórtúil agus caithimh aimsire gach bliain sa Pháirc. Gné thábhachtach den Pháirc iad na himeachtaí spórtúla a eagraítear inti. Tá lúthchleasaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta ar na himeachtaí sin, dé-atlain, trí-atlain, imeachtaí rothaíochta agus laethanta spóirt don phobal uile san áireamh. Baineann go leor grúpaí pobail leas as an bPáirc agus eagraíonn siad laethanta spóirt agus pobail éagsúla ann.

Tá béim sa bhreis anois ar raon leathan de chaitheamh aimsirí éighníomhacha, seachas gníomhacha, a chur chun cinn. Is mó a leathnaíonn siad an spéis sa Pháirc agus is mó a thagann siad le hatmaisféar síochánta na Páirce. Tá cosáin siúlóide fhairsinge ar fud na Páirce. Caitheamh aimsire mór eile sa Pháirc ná a bheith ag faire ar na fianna.

Is gá cead a fháil do gach imeacht agus nuair is cuí lorgaítear Plean Bainistíochta Sábháilteachta ag Imeacht. Is gá cead pleanála a fháil ón údarás rialála áitiúil d’imeachtaí ina bhfuil os cionn 5,000 duine ag glacadh páirt iontu freisin. Tá scannánú, siútáil don teilifís, agus fótaisheisiúin ceadaithe faoi cheadúnas ó Stiúrthóir na Páirce.

Acmhainn teoranta is ea an Pháirc. Is gá don líon imeachtaí agus a scála a bheith ag teacht le híogaireacht an fhiadhúlra, an t-atmaisféar síochánta ciúin, agus acmhainn iompair agus caitheamh ar bhonneagar na Páirce. Is gá aghaidh a thabhairt ar aon bhrú le haghaidh méadú i líon nó i méid na n-imeachtaí sa chomhthéacs seo. Tá Creatpholasaí Maidir le hImeachtaí forbartha maidir le húsáid Pháirc an Fhionnuisce d’imeachtaí poiblí ar mhórscála i réimse an chultúir, an cheoil agus na hoidhreachta.

Tá amchlár reatha de Imeachtaí Atá ag Teacht ar fáil le híoslódáil ag an nasc seo. Iarraimid ort an t-amchlár seo a scrúdú do laethanta atá saor sula gcuireann tú isteach d’iarratas ar cheadúnas.

Is féidir an fhoirm ar an leathanach seo a úsáid freisin chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas nó cead do Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin, Reilig Chnoc an Arbhair nó an Gairdín Cuimhneacháin.

An féidir liom imeacht a reáchtáil i bPáirc an Fhionnuisce?

Aithníonn Oifig na nOibreacha Poiblí go gcuireann sé go mór le próifíl phoiblí a cuid suíomhanna stairiúla nuair a reáchtáiltear imeachtaí cuí iontu agus, ó tharla gur príomhchuspóir de chuid na hOifige é sin, glacann sí le hiarratais chun é sin a dhéanamh. Cuirtear fáilte go háirithe roimh imeachtaí atá dírithe ar an teaghlach, chomh maith le himeachtaí a chuimsíonn gnéithe de:

idhreacht, caomhnú, stair, oideachas, ealaín, dealbhóireacht, cultúr, ceol, taibhiú, gairneoireacht, bithéagsúlacht

Ní mór an tábla úsáide a sheiceáil sula gcuireann tú isteach ar chead.

Cé na cáipéisí a theastaíonn le haghaidh imeachta/ grianghrafadóireachta/ scannánaíochta?

Sula gcuireann tú isteach air (tríd an bhfoirm ar líne amháin), cuimhnigh, le do thoil, go gcaithfidh tú na nithe seo a leanas a bheith agat má thugtar cead duit an t-imeacht a reáchtáil ar an láthair seo:

    • árachas dliteanais phoiblí ar fiú 6.5 milliún euro in aon iarraidh amháin é agus Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí ainmnithe ar an bpolasaí
    • seolfar foirm shlánaíochta chugat nuair a bheidh d’iarratas faighte agus an páipéarachas ar fad in ord is in eagar. Íoslódáil foirm shlánaíochta shamplach anseo.
    • éarlais a aisíocfar leat ach amháin má dhéantar damáiste don Pháirc nó má sháraítear na coinníollacha
    • Plean Bainistíochta Sábháilteachta ag Imeacht, Plean Bainistíochta Tráchta, Plean Éigeandála, Ráiteas ar Mhodhanna, agus Sceideal Léirithe
    • efianaise go ndeachaigh tú i gcomhairle go hiomlán le comhlachtaí reachtúla, le haon ghrúpaí cónaitheoirí agus le forais chóngaracha i bhfad roimh an imeacht, agus fianaise go bhfuil a gcuid riachtanas comhlíonta agat
    • caithfidh gach taibhiú ceoil bheith comhlíontach ó thaobh IMRO (Irish Music Rights Association) de.
Cathain ba chóir dom iarratas a chur isteach?

Teastaíonn fógra trí lá oibre ar a laghad le haghaidh grianghrafadóireachta. Teastaíonn fógra ceithre seachtaine ar a laghad le haghaidh imeachtaí beaga agus fógra ocht seachtaine le haghaidh imeachtaí móra.

Ní ghlactar le hiarratas déanach ar bith agus ní dhéantar áirithint shealadach ar bith. Tar éis iarratas a chur isteach, is féidir bheith ag súil le freagra i gceann trí lá oibre. Ní féidir iarratas a dhéanamh ach tríd an bhfoirm áirithinte ar líne.

An féidir liom pósadh sa pháirc?

Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, ní féidir leat pósadh ná searmanas sibhialta a reáchtáil i bPáirc an Fhionnuisce. Ach b’fhéidir gur mhaith leat do chuid grianghraf bainise a thógáil ann. Teastaíonn ceadúnas; ní gá ach iarratas a dhéanamh agus fógra trí lá ar a laghad a thabhairt. Ní ghearrtar táille ar bith ort as grianghraif bhainise a thógáil san Pháirc.

An gcosnaíonn sé airgead chun imeacht a reáchtáil?

Táillí

Grianghraif bhainise: saor in aisce.
Grianghrafadóireacht tráchtála: €125 san uair, gan CBL san áireamh.
Carthanacht/turasóireacht etc: €50 san uair, gan CBL san áireamh.
Scannánaíocht: gheobhaidh tú praghas ach é a iarraidh, agus braithfidh sé ar an méid agus ar an láthair.
Imeacht: gheobhaidh tú praghas ach é a iarraidh, agus braithfidh sé ar an méid agus ar an láthair.

Ní ghlactar ach le híocaíochtaí leictreonacha.

An bhfuil rialacha agus dlíthe ann le haghaidh Pháirc an Fhionnuisce?

Tá, tá fodhlíthe ann (ó 1925) a rialaíonn an úsáid agus an taitneamh a bhaintear as Páirc an Fhionnuisce. Is féidir iad a léamh ar líne anseo.

Íoslódáil

Tábla Úsáide
(Páirc an Fhionnuisce, Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin, Reilig Chnoc an Arbhair, An Gairdín Cuimhneacháin)

Íoslódáil

Creatpholasaí Maidir le hImeachtaí
(Páirc an Fhionnuisce)

Íoslódáil

Plean Bainistíochta Sábháilteachta ag Imeacht
(Páirc an Fhionnuisce)

A gathering of ducks in the Park. OPW.