Preasráiteas
17 Aibreán 2023
Comhairliúchán poiblí á fhógairt ag Oifig na nOibreacha Poiblí mar chuid de Straitéis Pháirceála Pháirc an Fhionnuisce – Cead cainte do chách

Inniu an chéad lá de phróiseas comhairliúchán cúig seachtaine ina n-iarrfar tuairimí daoine ar conas ar chóir an pháirceáil a leagan amach i bPáirc an Fhionnuisce.

Gheofar an Dréacht-Straitéis Pháirceála ag an nasc seo a leanas: Suirbhé Pháirc an Fhionnuisce.

Iarrtar ar bhaill den phobal athbheithniú a dhéanamh an dhréacht-Straitéis ina leagtar amach fís chuimsitheach do bhainistiú na páirceála i bPáirc an Fhionnuisce.

Sa chéad chéim den chomhairliúchán, fuathas os cionn 5,000 aighneacht ó bhaill den phobal agus ó pháirtithe leasmhara tábhachtacha. Gheofar léiriú sa Dréacht-Stráitéis Pháirceála ar na tuairimí, na tráchtaí agus na smaointe a tháinig chun cinn sa phróiseas sin.

Agus lainseáil an chomhairliúcháin phoiblí á fógairt, dúirt an tAire Stáit ag Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, TD:

“Is taitneamhacht náisiúnta é Páirc an Fhionnuisce a bhfuil an-chion ag daoine laistigh agus lasmuigh de Bhaile Átha Cliath uirthi. Féachtar sa Dréacht-Straitéis Pháirceála le Páirc an Fhionnuisce a chosaint agus a chaomhnú, agus rochtain chuí a thabhairt uirthi ag an am céanna do mhuintir Bhaile Átha Cliath agus do chuairteoirí ó níos faide i gcéin. Mholfainn do na páirtithe leasmhara ar fad sa phobal áitiúil agus níos faide i gcéin, an Dréacht-Straitéis Pháirceála a léamh agus an suirbhé comhairliúcháin phoiblí a fhreagairt sna chéad chúig seachtaine eile.”

Mar chuid de bheartas an Rialtais chun astaíochtaí carbóin a bhaineann le taisteal a laghdú de 50% faoi 2030, dírítear sa Straitéis ar inbhuanaitheacht, ar thaisteal gníomhach, ar astaíochtaí laghdaithe agus ar inrochtaineacht do chách.

Is comhlánú é ar na pleananna agus na beartais atá i bhfeidhm cheana féin ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Fhine Gall agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair.

Is díol suntais é go ndúirt os cionn 60 de na freagróirí go bhféadfaí iad a mhealladh chun níos lú tiomána a dhéanamh nó cóir iompair eile a úsáid chun dul chuig Páirc an Fhionnuisce. Cuirtear páirceáil do rothair agus d’fheithiclí araon i bPáirc an Fhionnuisce san áireamh, chomh maith leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige seo ar fad ar an gceantar máguaird.

Dírítear ann freisin ar riachtanais pháirceála iad siúd a bhfuil deacrachtaí luaineachta acu. Beidh cúig faoin gcéad den soláthar páirceála oiriúnach dóibh siúd atá faoi mhíchumas agus cúig faoin gcéad eile do sheanóirí gníomhacha.

Ina theannta sin, aithnítear sa Dréacht-Straitéis Pháirceála go mbeidh soláthar páirceála de dhíth ar chuairteoirí áirithe, le go mbeidh an Pháirc ar fáil do chách.

Is é atá i gceist leis an dréacht-Straitéis, i ndeireadh na dála, ná rochtain níos fearr a thabhairt dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí luaineachta acu tríd an líon reatha spásanna páirceála a choinneáil.

Tuairimí an phobail ar an Dréacht-Straitéis Pháirceála a bheidh ag teastáil sa tréimhse comhairliúcháin phoiblí neamhreachtúil seo. Mairfidh an comhairliúchán poiblí ón Luan 17 Aibreán go dtí an 22 Bealtaine, 2023. Gheofar an Dréacht-Straitéis Pháirceála ag an nasc seo a leanas: Suirbhé Pháirc an Fhionnuisce.

ENDS

Gheofar eolas breise ag www.phoenixpark.ie nó déan teagmháil leis an Oifig Phreasa ag pressoffice@opw.ie má tá aon cheist eile agat nó más mian leat agallamh a shocrú le hurlabhraí.

Lean sinn ar Twitter @opwireland
Aimsigh muid ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works

Nótaí d’Eagarthóirí

Mar gheall ar Pháirc an Fhionnuisce:

  • Tá Páirc an Fhionnuisce suite in iarthar Chathair Bhaile Átha Cliath, díreach ó thuaidh d’Abhainn na Life. Achar 700 ha atá sa pháirc agus é timpeallaithe ag balla 11 km.  Tá baint ag an bpáirc le stair, dúlra agus cultúr na hÉireann agus tá tábhacht nach beag idirnáisiúnta léi, freisin. Is áit chaithimh aimsire í, leis, a dtugann na mílte daoine cuairt uirthi gach bliain.
  • Tá os cionn 25 km de bhóithre, 17 km de lánaí rothair agus 27 km de chosáin i bPáirc an Fhionnuisce.
  • Is iad Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce (2 mhilliún cuairteoir in 2022) agus Gairdín na nAinmhithe (1.2 milliún cuairteoir in 2022) na príomháiteanna is díol spéise do chuairteoirí.

Mar gheall ar an Dréacht-Straitéis Phairceála:

  • Sa Tuarascáil Iarchomhairliúcháin ar an Staidéar ar Roghanna Iompair agus Soghluaiseachta do Pháirc an Fhionnuisce, a foilsíodh in 2021, leagadh amach sraith moltaí faoin tslí a bhféadfadh cuairteoirí dul isteach sa pháirc, taitneamh a bhaint aisti agus bogadh timpeall laistigh di, agus timpeallacht an phobail agus na páirce á gcosaint ag an am céanna. Déantar roinnt moltaí ann faoin tslí le trácht agus luas comaitéirí a laghdú, na roghanna do rothaithe agus do choisithe a mhéadú agus córas teoranta iompair phoiblí a chur ar fáil. Cuirtear san áireamh ann na ceisteanna casta a chaithfear a réiteach i ngeall ar na húsáidí éagsúla agus iomaíocha a bhaintear as an bpáirc. Gheofar an tuarascáil ag an nasc seo a leanas: https://assets.gov.ie/179953/49e35d57-4037-4dca-b161-e2370b4cb768.pdf.
  • In 2022, d’iarr Oifig na nOibreacha Poiblí ar na Sainchomhairleoirí Iompair SYSTRA Stratéis Páirceála Pháirc an Fhionnuisce a chur i dtoll a chéile.
  • Breithnítear roghanna sa Dréacht-Straitéis Pháirceála don Rothaíocht, d’Iompar Poiblí agus do Chóracha Iompair Eile, Soláthar Spásanna Páirceála do Chairr agus Inrochtaineacht. Dírítear ann chomh maith ar Reachtaíocht, Praghsáil/Taraifí, Oibríochtaí, Forfheidhmiú, Treochomharthaíocht agus Margaíocht/Cumarsáid.
  • Tréimhse deich mbliana is ea a chlúdaíonn an straitéis agus aithnítear roghanna ann don ghearrthéarma, don mheántéarma agus don fhadtéarma.
  • Tá ceithre mholadh is fiche aitheanta ann.
  • Beidh cúig faoin gcéad den soláthar páirceála oiriúnach dóibh siúd atá faoi mhíchumas agus cuirfear cúig faoin gcéad eile do sheanóirí gníomhacha ar fáil sna blianta amach romhainn.
  • Tugtar tús áite d’áiteanna páirceála do rothair ag príomháiteanna sa pháirc.
  • Tá os cionn 2,200 spás páirceála do chairr faoi láthair i bPáirc an Fhionnuisce agus in Farmleigh.
  • Tá carrchlós 40 spás nua beartaithe do spás gar do Gheata Chaisleán an Chnucha, ina dtabharfar tús áite dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu.
  • Beartaítear carrchlós Pháirc Chnoc Mhaelruain a uasghrádú. Déanfaidh sé seo an dromchla níos inrochtana do dhaoine a bhfuil deacrachtaí luaineachta acu.
  • I measc na moltaí tá an pháirceáil shealadach samhraidh láimh le Siúlán na dTiarnaí a úsáid ar bhonn leanúnach agus carrchlós Shiúlán na dTiarnaí a uasghrádú.
  • Cuireadh an Straitéis Pháirceála i dtoll a chéile chun go mbeadh sé ag teacht le cuspóirí an Údaráis Náisiúnta Iompair agus le beartas ginearálta an Rialtais.
  • Baineadh úsáid as an gComhchreat Breithmheasa a d’fhoilsigh an Roinn Iompair do gach tionscadal a bhaineann le hiompar chun na roghanna a bhreithmheas. Breithníodh na roghanna ina dhiaidh sin i gcomparáid leis na prionsabail soghluaisteachta agus na cuspóirí inbhuanaitheachta le cinntiú go n-oirfidís d’fhearann páirce. Rinneadh an dara breithmheas ó thaobh airgeadais, costais agus seachadta de.